Blog

Cathair an Chultúir 2013

Tá súil ag pobal na Gaeilge i nDoire go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le feiceáil mar chuid de Chathair an Chultúir 2013 i ndiaidh do chruinniú poiblí a bhí ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Luan 8ú Samhain.  Ba é seo an chéad chruinniú as sraith de chruinnithe poiblí a bheas ar siúl le grúpaí difriúla sa phobal le moltaí agus dearcadh an phobail a fháil maidir le Cathair an Chultúir 2013.  Tugadh deis do phobal na Gaeilge a thuairimí a thabhairt, rud a rinneadh, agus ba léir nach raibh duine ar bith sásta leis an easpa Gaeilge atá bainte le Cathair an Chultúir.  Mar thoradh an chruinnithe tá súil ag pobal na Gaeilge go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil mar chuid de Chathair an Chultúir 2013, agus go mbeidh an logainm “Doire” le feiceáil ar an bhrandáil.

Ciara Nic Lochlainn
 

Droichead na Síochána?

Tá an droichead siúil úr le hoscailt ar an bhliain seo chugainn agus tá daoine ag súil go mór leis, dar liom, go háirithe leis an deis siúl trasna chuig Páirc Cholmcille.  Agus, fosta, tá pleananna eile ag ILEX suíomh Ebrington a fhorbairt le go mbeidh áiseanna agus tarraingtí ann do chuairteoirí.