Óige
Club do Ghaeilgeoirí óga amháin is ea Club Óige Setanta
Beidh Club Óige Setanta ag toiseacht ar ais arís ar an Déardaoin 22ú Meán Fómhair in ionad óige Rosemount idir 6-8in(in aice le hionad fóillíochta Brooke Park). Beidh club eile ann oíche dé Máirt i gclub óige Pennyburn 6-8in. Tá an club dírithe ar pháistí idir 6-11 bliain d’aois atá ag freastal ar cheann de na trí Ghaelscoil sa chathair. Chomh maith leis na séisiúin seachtainiúil, tá réimse imeachtaí eagraithe againn don bhliain, dioscóanna agus turais mar shampla. Tá na dataí agus na huaireanta do na himeachtaí seo ar fáil ó Shinéad (sinead@culturlann-doire.ie 028 712 64132) má tá suim ag duine ar bith iad a fháil ag tús na bliaina. Tá súil agam go mbaineann sibh úsáid as an tseirbhís seo atá ar dóigh do na daoine óga chun Gaeilge s’acu a úsáid taobh amuigh d’uaireanta scoile, chomh maith le craic a bheidh acu ag an am céanna. Beidh foirm clárithe le líonú amach ar an chéad oíche. Tá turais eagraithe i mbliana do na déagóirí atá ag freastal ar na meánscoileanna Béarla sa chathair faoi láthair nach bhfaigheann an seans Gaeilge s’acu a úsáid níos mó. Tabharfaidh sé seans dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomh neamhfhoirmiúil, taitneamhach lena gcairde. Is féidir na dátaí a fháil ó Shinéad má tá duine ar bith á iarraidh. Beidh an Club Obair Bhaile ag toiseacht arís ar an Luan 19ú Meán Fómhair I nGaelscoil Éadain Mhóir. Tá fáilte roimh gach páiste a fhreastalaíonn ar na Gaelscoileanna sa chathair. Díríonn an club seo ar pháistí ó Rang 3 go Rang 7. Má tá aon eolais eile de dhíth, gabh I dteagmháil le Sinéad ag (sinead@culturlann-doire.ie nó 02871264132).
| Gaeilge sa Phobal 2 | Aois 6-11 | Rang 3-7 | |||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Meán fomhair | Deireadh Fomhair | Samhain | Nollaig | Eanáir | Feabhra | Márta | |
| Luan | |||||||
| Club Obair Bhaile Gaelscoil Éadain Mhóir 3-4.30in | Gach Luan | Gach Luan | Gach Luan | Gach Luan | Gach Luan | Gach Luan | Gach Luan |
| Máirt | |||||||
| Club Óige Setanta Pennyburn 6-8in | 4ú,11ú, 18ú,25ú, | 8ú,15ú, 22ú,29ú, | 6ú,13ú, 20ú. | 10ú,17ú, 24ú,31ú | 7ú,21ú, 28 | 6ú,13ú, 20ú,27ú | |
| Club Obair Bhaile Gaelscoil na Daróige 3-4in | Gach Máirt | Gach Máirt | Gach Máirt | Gach Máirt | Gach Máirt | Gach Máirt | Gach Máirt |
| Céadaoin | |||||||
| Club Obair Bhaile Bunscoil Cholcille 3-4in | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin | Gach Céadaoin |
| Déardaoin | |||||||
| Club Oige Setanta Rosemount 6-8in | 22ú, 29ú | 6ú,13ú 20ú,27ú | 3ú,10ú, 17ú,24ú | 1ú,8ú,15ú 22ú, | 12ú, 19ú,26ú. | 2ú,9ú, 16ú, 23ú. | 1ú,8ú, 22ú,29ú |
| Aoine | |||||||
| Dioscó + Céilí 21 6-8in | Diosco + Céilí 16ú 6-8in | Dioscó + Céilí 10ú 6-8in | Dioscó + Céilí 16ú 6-8in | ||||
| Satharn | |||||||
| Tionscadal Timpeallachta 15ú 2-5in | Turas chuig Zú Bhéal Feirste 12ú 12-5in | Brunswick Superbowl 21ú 1-4in | Ceardlann Ealaíne bainteach le Lá Fheile Pádraig 25ú 1-3in | ||||
| Déagóirí le chéile 2 | Iar-dhaltaí na nGaelscoileanna | ||||||
| Satharn | |||||||
| Tionscadal Ealaíne bainteach leis an Timpeallacht 12ú 2-4in | Turas chuig Brunswick Superbowl 14ú 2-5in | Turas inchónaithe Todds Leap 10ú Thar oíche |





